Yes
Yes

​Foilsímid torthaí ár gcuid oibre iniúchóireachta i dtuarascálacha.

 

Déanann ár dtuarascáil bhliantúil cur síos ar thorthaí ár gcuid oibre san iniúchóireacht airgeadais agus comhlíontachta ar bhuiséad an Aontais. Bíonn ár ráiteas dearbhaithe sa tuarascáil sin, rud a bhaineann Parlaimint na hEorpa úsáid as agus an cinneadh á dhéanamh aici maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais (an nós imeachta um urscaoileadh) a fhormheas don bhliain.

 

I dtuarascálacha bliantúla sonracha, cuirimid torthaí ár n-iniúchtaí airgeadais bliantúla ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí díláraithe agus comhghnóthais an Aontais i láthair.

Gach bliain, déanaimid roinnt iniúchtaí feidhmíochta agus comhlíontachta ar réimsí sonracha éagsúla caiteachais agus beartais. Leagaimid torthaí na n-iniúchtaí sin amach inár dtuarascálacha speisialta.

 

Ó am go ham, foilsímid athbhreithnithe agus tuairimí freisin.

In athbhreithnithe déanaimid cur síos agus anailís ar réimse nó saincheist bheartais de chuid an Aontais atá tráthúil.

 

Is féidir le hinstitiúidí eile an Aontais a iarraidh orainn measúnú a dhéanamh ar dhlíthe nua nó nuashonraithe de chuid an Aontais a bhfuil tionchar suntasach acu ar bhainistíocht airgeadais an Aontais. Nuair a tharlaíonn sé seo, cuirimid torthaí ár measúnú i láthair i dtuairim.

Foilsímid ár dtuarascálacha, ár dtuairimí agus ár n-athbhreithnithe ar fad ar an suíomh gréasáin seo i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Tugann réamhamhairc iniúchóireachta faisnéis faoi iniúchtaí atá ar na bacáin. Tá siad ceaptha a bheith mar fhoinse eolais dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa bheartas nó sa chlár atá faoi iniúchóireacht.