Yes
No

​Tá Ard-Diúcacht Lucsamburg suite i gcroílár na hEorpa agus tá sé ar cheann de Bhallstáit bhunaidh an Aontais Eorpaigh. Mar aon leis an mBruiséil agus Strasbourg, tá roinnt institiúidí AE lonnaithe ann.

Bunaíodh a phríomhchathair, Cathair Lucsamburg, sa bhliain 963. Sa lá atá inniu ann, is ceannchathair airgeadais rathúil í an chathair le geilleagar láidir agus lucht oibre idirnáisiúnta agus ilteangach. Féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le maireachtáil agus imeascadh i Lucsamburg(opens in new window).

Is féidir le gach duine atá ina bpáirtnéir nó ina gcéile ag duine atá fostaithe ag an gCúirt Iniúchóirí tairbhiú freisin dár gcomhoibriú le IDCN Lucsamburg.


I gcroílár na hEorpa:

Tá Lucsamburg suite idir an Fhrainc, an Bheilg agus an Ghearmáin. Tá áiseanna maithe iompair ann idir Lucsamburg agus a thíortha comharsanacha.


Cathair ilchultúrtha:

Is cathair idirnáisiúnta, bríomhar agus ilchultúrtha é Lucsamburg a roghnaíonn an-chuid oibrithe óga mar thúsphointe dá ngairm. Tá daonra de bheagnach 122,500 ann, ar eachtrannaigh iad 70% díobh ó níos mó ná 160 thír éagsúla. Tá trí theanga oifigiúla ann: Lucsamburgais, Fraincis agus Gearmáinis. Labhraítear Béarla go forleathan freisin.


Ardchaighdeán maireachtála:

tá Lucsamburg ar cheann de na cathracha is in-mharthana ar Domhain, le spásanna oscailte poiblí móra, páirceanna fairsinge agus bonneagar maith.


Saol cultúrtha:

tá réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha ann san Ard-Diúcacht. Mar aon le sainchomharthaí stairiúla, tá thart ar 60 músaem ann, a bhfuil seacht gcinn díobh i gCathair Lucsamburg, chomh maith le ceolárais maorga, amharclanna agus pictiúrlanna.


Saol teaghlaigh:

Is tír é Lucsamburg atá fabhrach do theaghlaigh. Is féidir le teaghlaigh leas a bhaint as seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán, agus córas slándála sóisialta éifeachtach. Tá córas scoile an stáit saor in aisce, ach tá scoileanna táille príobháideacha agus scoileanna idirnáisiúnta ann freisin, lena n-áirítear na Scoileanna Eorpacha.


Iompar poiblí saor in aisce:

Ó 2020, tá iompar poiblí ar fud Lucsamburg saor in aisce do chách.