No
No

Táimid ag iarraidh cur chomh mór agus is féidir linn le hAontas Eorpach a bhfuil teacht aniar níos fearr ann, atá níos inbhuanaithe agus atá níos cothroime.

Chun a chinntiú gur féidir linn an uaillmhian sin a bhaint amach, socraímid spriocanna dúinn féin a bhíonn mar threoir dúinn inár gcuid oibre. Tá na spriocanna sin leagtha amach inár straitéisí ilbhliantúla. Tá ár straitéis reatha ag clúdach na tréimhse ó 2021 go 2025. Tá straitéis um an intleacht shaorga glactha freisin againn do thréimhse 2024-2025.

Ár straitéis do 2021-2025

Inár straitéis do 2021-2025, leagtar amach ár luachanna, ár misean agus ár bhfís. Déantar cur síos go mion inti freisin ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe againn ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.

Tá trí sprioc straitéiseacha againn do thréimhse 2021-2025:​

  • Cuntasacht, trédhearcacht agus socruithe iniúchóireachta a fheabhsú ar fud gach cineál gníomhaíochta san Aontas Eorpach

  • Ár n-iniúchtaí a spriocdhíriú ar na réimsí agus topaicí is mó is féidir linn luach breise a chur leo

  • Dearbhú iniúchóireachta láidir a sholáthar i dtimpeallacht atá dúshlánach agus athraitheach

Ár straitéis um an intleacht shaorga​

Inár straitéis tosaigh agus treochlár imlonnaithe um an intleacht shaorga, tugaimid míniú ar an gcaoi a bhfuil an intleacht shaorga á húsáid san iniúchóireacht agus tugaimid míniú ar an iniúchóireacht a dhéantar ar chórais intleachta saorga. Sa doiciméad sin tugtar cuntas ar ár spriocanna agus cuspóirí, tugtar na torthaí a bhí ar ár n-anailís riosca, agus moltar treochlár don intleacht shaorga ina bhfuil gníomhaíochtaí nithiúla atá le glacadh in 2024 agus 2025 chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach. Tá sé mar aidhm leis sin go bhfónfadh sé mar ionchur don chéad straitéis ilbhliantúil eile a bheidh ag an gCúirt Iniúchóirí.​