No
No
 

Déanaimid ár n-iniúchtaí i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus le cód eitice, a chuirimid i bhfeidhm i gcomhthéacs sonrach AE. Cabhraíonn na caighdeáin sin le cáilíocht agus gairmiúlacht ár gcuid oibre a chinntiú, chomh maith le héifeachtúlacht na hoibre sin. Cuidímid freisin le forbairt na gcaighdeán mar chuid dár ngníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta.

Ráiteas na n-iniúchtaí dearbhaithe

Is é an ráiteas dearbhaithe an cleachtadh iniúchta bliantúil um airgeadas agus um chomhlíonadh atá againn maidir le hiontaofacht chuntais AE agus rialtacht na n-idirbheart is bunús leo. Foilsímid na torthaí, na conclúidí agus na tuairimí iniúchóireachta inár dtuarascálacha bliantúla. Áirítear san iniúchadh tástáil ar shampla d’idirbhearta atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de, agus meastóireacht ar chórais mhaoirseachta agus rialaithe, le fáil amach an ndéantar ioncam agus íocaíochtaí a ríomh i gceart agus an gcomhlíonann siad an creat dlíthiúil agus rialála. Cumhdaítear na scéimeanna caiteachais uile agus na ballstáit uile le tástáil mhionsonraithe, agus úsáidtear í chun measúnuithe sonracha a dhéanamh ar réimsí éagsúla de bhuiséad AE. Bainimid úsáid freisin as obair iniúchóirí eile mar fhianaise chun ár gconclúidí a thacú.

Iniúchóireacht feidhmíochta

Téimid i ngleic le caighdeán ioncaim nó caiteachais AE le linn ár n-iniúchtaí feidhmíochta, agus ar cuireadh prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais i bhfeidhm. Is éard ata i gceist leo ná scrúdú ar chláir, oibríochtaí, córais bhainistíochta agus nósanna imeachta na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí a bhainistíonn cistí AE, lena mheas an bhfuil barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht á mbaint amach acu maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Cumhdaítear lenár n-iniúchtóireacht feidhmíochta raon leathan d'ábhar a dhíríonn go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le fás agus poist, breisluach Eorpach, agus bainistiú airgeadais phoiblí, chomh maith leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide. Foilsímid torthaí ár n-iniúchtaí feidhmíochta i dtuarascálacha speisialta agus tugaimid le chéile torthaí sa réimse sin i dtuarascáil feidhmíochta bhliantúil.

Le hiniúchach feidhmíochta déantar measúnú ar ghnéithe éagsúla de phróiseas na hidirghabhála poiblí, lena n-áirítear ionchur (na hacmhainní airgeadais, daonna, ábharacha, eagrúcháin nó rialála is gá leo chun an clár a chur chun feidhme), aschur (táirgí insoláthartha an chláir), torthaí (éifeachtaí láithreacha an chláir ar sheolaithe nó faighteoirí díreacha) agus tionchair (athruithe fadtéarmacha sa tsochaí atá inchurtha i leith ghníomhaíocht AE).

Caighdeáin

 

Déanann CIE a cuid iniúchtaí i gcomhréir le ISSAInna, na  caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht arna n-eisiúint ag INTOSAI, an eagraíocht idirnáisiúnta d'uasfhoras iniúchóireachta ar fud an domhain. Faoi láthair, is muid an cathaoirleach ar an gCoiste um Chaighdeáin Ghairmiúla in INTOSAI, a ghlacann ról ceannasach i bhforbairt na gcaighdeán sin.

AWARE – modheolaíocht agus treoir

AWARE 

Tá tuilleadh sonraí ar ár gcur chuige iniúchóireachta le fáil inár modheolaíocht ar líne agus ár n-ardán treorach AWARE (Acmhainn Iniúchóireachta inrochtana atá Gréasán-bhunaithe do CIE). Comhdhlúthaítear le AWARE ár n-acmhainní iniúchta go léir in uirlis rochtana amháin a bhfuil rochtain éasca orthu, mar thacaíocht phraiticiúil dár n-iniúchóirí lena n-úsáid ina gcuid oibre ó lá go lá.

Leagtar amach in AWARE na prionsabail a leanaimid inár gcuid oibre, agus tugtar treoir ann maidir le conas iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil, chun cáilíocht ionchais an aschuir a bhaint amach. Tugtar treoir ann maidir lenár n-iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta chomh maith lenár n-athbhreithnithe agus lenár dtuairimí.

eolas ar an gcaoi a eagraítear AWARE ar fáil ar an ardán féin.

Ag cuidiú leis an gcalaois i gcoinne bhuiséad AE a chomhrac

 

Tá an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) freagrach as comhrac AE i gcoinne na calaoise agus as a leasanna airgeadais a chosaint. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 43-2017 uaithi (lena leagtar síos socruithe le haghaidh comhair le OLAF), cuireann CIE aon amhras faoi chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE ar aghaidh chuig OLAF. Déanaimid cásanna calaoise féideartha a shainaithint uaireanta trínár n-obair iniúchóireachta, nó nuair a chuireann tríú páirtithe in iúl dúinn iad.

 

Is í OIPE an oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách nua ag an Aontas, atá freagrach as coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Shínigh CIE agus OIPE socrú oibre, a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 2021. Leagtar amach ann creat struchtúrtha chun caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a chothabháil idir an dá pháirtí ar mhaithe le buiséad AE a chosaint, agus lánurraim á tabhairt do shainorduithe an dá institiúid.

Naisc ghaolmhara